Na fir ag imeacht go hAlbain, ag cur anall airgid na bhaile a choinnigh na daoine beo. D’oibir siad go crua. Bhí am crua ann ach bhí na daoine ábalta iad féin a choinneáil ag dul, bhí cearca, uibheacha, eallach, bainne, préataí, tornapaí, cál, meacain biatais agus oinniúin. Chruinníodh an t-uachtar den bhainne le him tíre a dhéanamh sa chuinneog. Bhí loine agus croca acu. Bhí arán plúir acu agus gruth buí (an chéad bhainne a bhíodh ag an bhó i ndiaidh breith na gamhna bruite). Bhíodh seo roinnte leis na comharsana le cois earraí eile. | 00:02:41 | |
Bhí Gracie ag iarraidh imeacht go hAlbain ina hóige ach ní raibh go leor cuidithe sa bhaile, bhí a deirfiúr thall, théadh sí anonn le cuidiú lena deirfiúr. Nuair a shocair sí féin agus Brianaí pósadh, d’éirigh a huncail tinn. Pósadh sa deireadh i nGort an Choirce ar maidin, 8.30 r.n., 7 Eanáir 1958 iad. A cuimhní ar a lá pósta. In Óstán an Charraig Rua a bhí an féasta acu. D’imigh sí go Béal Feirste ina dhiaidh, bhí a deirfiúr ansin. Bhí an chuid is mó den teaghlach tinn san am. Bhí droch aimsir ann an oíche sin agus ar feadh seachtainí ina dhiaidh le sneachta, siocán agus gaoth mhór. | 00:11:21 | |